Fróðskaparrit - 01.01.1994, Blaðsíða 88
100
FÍPAN FAGRA OCH DRÓSIN Á GIRTLANDI
19. Hin var eftir á Girtlandi,
lítla bar hon ró,
fastur stóð fótur á borgararmi,
annar yvir á sjó.
20. Hin var eftir á Girtlandi,
lítlan bar hon prís,
fastur stóð fótur á borgararmi,
annar úti á ís.
21. Hvønn dag hon á borgararmi
reiv har grót og [grund]
tá [hon] kom í kongins song,
tá var hon fagurt sprund.
22. Gleiv stóð hon á borgararmi,
reiv har síni bein,
fyrstur sá hana kongurin,
hann kom av skógnum heim.
23. ‘I ótíð festi eg drottningina,’
kongurin mælir av bræði,
‘hon hevur [svikið] Beimalín
og onkarbømini bæði!
24.1 ótíð festi eg drottningina,’
kongurin mælir av stríði,
‘hon hevur svikið Beimalín,
onkarbømini míni!’
25. Ei vildi kæra kongins dóttir
liva við sorg og trega,
hvørt eitt trøll í Botnum norður
mátti henni skattir geva.
Tøkum lcett her í lundum,
leikum várs menn,
latum vera dans, sveinfalla.
Appendix III
Fórbannelse och motfórbannelse ur en hjáltesaga om
Fionn mac Cumhaill, meddelad av Mícheál Ó
Gaoithín, Baile Viocáire, Dun Chaoin, Co. Kerry, den
9 juni 1966 (utskrift frán bandupptagning med signum
Almqvist 1966:5 i Department oflrish Folklore, Uni-
versity College Dublin).
‘Is ea, anois, a chailligh (s/c!),’ arsa Fionn, ‘bhí tosach
buaite agat, agus ón uair go raibh,’ a dúirt se, ‘bíodh
tosach na breithe a thabhairt agatsa!’
‘Bhuel, bíodh mar sin,’ a dúirt sí, ‘agus is beag a luaithe
... ní beag duitse a luaithe, a Fhinn,’ a dúirt, ‘a dúirt sí,
‘a chloisfir mo breithse.’
‘Ar mh’anam,’ arsa Fionn, ‘caithfeam a bheith sásta
leis. Bhuel, cuir do bhreith, a chailligh!’ a dúirt se.
‘Cuirimse mar bhreith agus mar gheasa droma draíochta
ort, a Fhinn mhic Cumhaill,’ a dúirt sí, ‘gan an tama
beile bídh a dh’ithe ar aon bhord, ná an tama deoch d’ól
as aon chupán, nó go dtabharfaidh tú chughamsa ceann
Sciath thar Sceamh ón nDomhan Toir.’
‘Cruaidh go leor, a chailligh,’ arsa Fionn.
‘Is ea, cuirse do bhreith anois, a Fhinn mhic Cumhaill!’
a dúirt an chailleach.
‘Cuirimse mar bhreith agus mar gheasa troma draíochta
ortsa, a chailligh,’ a dúirt se, ‘dul isteach ‘on bhaile
mhór agus dul ar an margadh agus an phunann choirce
is measa gráinne agus is duibhe agus ná raibh torthúil ag
fás...ná fásfadh torthúil a thabhairt leat agus dul isteach
agus snáthaid mhór a dh’fháil agus dul go dtí tigh an
dochtúra, agus buideilín don bpurgóid is geire agus is
seirbhe agus is measa blas dár bhais duine riamh a
dh’fháil, agus í a thabhairt leat go binn an teampaill,
ansan thall ar Bhinn Eadair, agus cleith a chuir ina
seasamh insa talamh agus an tsnáthaid mhór do chuir ina
barra. Agus ansan an phunann tuí a chuir ina seasamh ar
a ceann, agus pe aird ar dhroim an domhain go mbeidh
an ghaoth ag seoladh - pe gráinne a thabharfaidh an
ghaoth le ...le barr ádha nó mí - ádha isteach trí chró na
snáthaide, gaibhse an gráinne sin,’ a dúirt se, ‘agus tom
trí huaire le slaitín insa bhuideal purgóide sin e, agus
bíodh se sin do lón ... mar lón agat nó go bhfillfidh Fionn
abhaile!’
‘Ó, a Fhinn, ó, a Fhinn, bog do bhreith; bog, bog, a
Fhinn!’ a dúirt sí.
‘Tá só san ró-chruaidh d’aon duine mar bhreithiú-
nachas!’
‘Á, a chailligh, an bhreith a thugais fuilig í!’ arsa Fionn.
Is scaradar le cheile.